interreg eu

Is tionscnamh pobail é INTERRREG IIIA A a dhéanann comhoibriú trasteorann, trasnáisiúnta agus trasréigiúnda a chur chun cinn ar fud an Chomhaontais Eorpaigh agus a réigiúin teorann. Tacaíonn INTERREG IIIA A le comhthograí Éireannacha-Breatnacha agus í mar aidhm aige forbairt inmharthanach réigiúin na teorann a chur chun cinn trí chur chuige comhtháite i leith forbartha eacnamaí, sóisialta agus comhshaol

Feile Clai | Clay Festival Logo cymraeg Monica K. Askim Potter Feile Clai | Clay Festival Logo Gaeilge Lippa Dalen

 

 

Polasaí Comhshaoil

 

Leanann togra Féile Clai polasaithe atá dírithe ar an gcomhshaol a inmharthanú agus ar thionchar diúltach an togra ar an garthimpeallacht agus ar an timpeallacht i gcoitinne a choimeád chomh híseal agus is féidir.

 

1. Ceannach/Sealbhú Táirgí

Cuirfidh aon cheannacháin a dhéanann Féile Clai factóirí comhshaoil san áireamh agus aon éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith acu agus i ngeall ar sin:

Cinnteofar go gcuirfear sábháil fuinnimh agus acmhainneachta san áireamh i ndearadh agus i gcur i bhfeidhm tograí caipitil

Cinnteofar freisin go n-úsáidfear táirgí athchúrsáilte i dtograí caipitil nuair is féidir

Ceannófar tograí adhmaid ó sholáthraithe cláraithe faoi Scéim Rianadhmad an Chumann Ithreach nuair is féidir

Ceannófar trealamh riaracháin mar pháipéar/cárta le deathionchar aige ar an timpeallacht, i. athchúrsáilte nó déanta as foinse inathnuaite

Cinnteofar go bhfuil ábhair ghlantacháin/cheimicigh in úsáid ag an gcomhlacht ar bhonn laethúil saor ó chomhábhair a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don timpeallacht

 

2. Athchúrsáil Dramhábhar

Déanfar trealamh oifige agus ábhair eile a athchúrsáil trí heagraíochtaí cuí nuair is féidir

Déanfar pointí le haghaidh athchúrsáil páipéir nó cárta a chur ar fail

Déanfar priondáil a laghdú trí úsáid ríomhphoist agus áiseanna TF

Déanfar pointí athchúrsáil gloine a chur ar fail agus a n-úsáid a chur chun cinn

Déanfar pointí athchúrsáil alúmanaim agus cannaí dé-miotala a chur ar fáil agus a chur chun cinn

 

3. Aon Fhactóirí Breise

Déanfar úsáid iompar poiblí a chur chun cinn i measc na foirne uilig

Tabharfar tús áite do chaomhnú táirgí fuinnimh ar nós bholgáin sholais

Measófar teas agus soilsiú le haghaidh úsáid iomarcach a d’fhéadfadh drochthionchar a imirt ar an timpeallacht

Cuirfear úsáid comhdháiliú físeáin chun cinn d’fhonn taisteal a laghdú

Cuirfear bearta caomhnaithe i bhfeidhm i leith úsáid uisce nuair is féidir

 
Chomhairle 
        Cheirdeanna na hÉireannChanolfan  y Celfyddydau AberystwythFéile Idirnáisiúnta na Criadóireachta